Aistear na n-Aistriúchán #2 — Cúigí na Neide Naofa
Canúintí na gCréatúr An Ridire Chuasaigh, Deacrachtaí "drift" a aistriú go Gaeilge agus Splanc Tuisceanna
Fáilte
Fáilte ar ais go dtí nuachtlitir Ghaeilge Chun Cinn. Ós an dara eagrán é seo, tá ríméad orainn bhur gcur ar an eolas go bhfuil borradh faoi dhó ar an oiread oibre a rinne muid ónár gcéad fhoilsiúchán. Meas tú an údar ceiliúraidh é? Is dócha!
Sa bpóstáil seo, pléifidh muid faoinár gcuid oibre ar Hollow Knight – An Ridire Cuasach, tionscadal a bhfuil casadh suimiúil ar an scéal aige le cupla seachtain anuas. I dtaobh ár gcuid leideanna aistriúcháin agus léargas, tá dhá sliocht cruthaithe ag Cormac ar na miondifríochtaí ar na gníomhaithe “drifting” agus “falling” mar a thugtar orthu i mBéarla. Mar aon leis sin, pléann duine dár n-aistritheoirí a bhfuil níos lú taithí aige, Gary, a mheandar beag inar bhuail splanc tuisceanna air agus é ag cur aithne ar an teanga.
Mar is gnáth, tiocfaidh tú ar cúig abairt i mBéarla le do chuid scileanna aistriúcháin a thástáil ag bun an leathanaigh. Tá ár gcuid réitithe féin le haghaidh cleachtanna na seachtaine seo caite tugtha freisin. Tabhair fúthú! Agus má bhíonn an-fhonn ort, ná bíodh aon drogall ort ríomhphost a sheoladh againn! Bíonn muid i gcónaí ag lorg a thuilleadh aistritheorií, siúd ata ina dtosaitheorí agus ina n-aistritheoirí oilte araon.
Uasdátú ar ár dTionscadail
Ón bhfoilsiúchán deiridh i leith, tá dul chun tosaigh déanta ar ár dtionscadal Hollow Knight – An Ridire Chuasaigh (ach mar sin féin, dhírigh muid go mór ar na socruithe feasta nuair a thiocfaidh an chéad bhabhta eile d’aistrítheoirí isteach).
Níl orainn ach comhráití na gcarachtar a aistriú go Gaeilge anois. Cé gurbh fhéidir linn a thabhairt faoin obair ar an gcaoi chéanna is a rinne muid i gcás UI agus na Dialainne, níor thúisce a tháinig muid ar smaoineamh suimiúil eile: Tá an Nead Naofa (Hallownest)scoilte ina gcríocha éagsúla agus créatúir éagsúla faoi leith iontu. Bíonn comhaontais agus faltanais ag na créatúir seo eatarthu féin. Nárbh ardsmaoineamh é dá mbeadh canúintí difriúla Gaeilge ag na créatúir dhifriúla as na réigiúin dhifriúla!?
Thug muid faoi na carachtair a rangú ina ngrúpaí canúnacha difríula agus bunús ár gcuid feasa faoi stair an chluife leis. Ar a bharr sin, chuir muid tús le bileoig leideanna – “cheat sheet” leis na gnéithe is suntasaí sna canúintí a dhéanamh amach. Ní haon iontas é go gcuireann seo an obair go mór i ndeacracht orainn, ach ná ligeadh sin ár ndóchas a bhaint dínn. Is mó leas a bhainfidh imreoirí as dul na cluichíochta seo! Is smaoineamh nua é seo agus cé go bhfuil ár gcroí istigh sa smaoineamh seo, tá muid fós ag déanamh amach cén chaoi ar fearr dúinn a thabhairt faoin smaoineamh misniúil seo.
Ár léaráid a thaispeánann an chaoi ar scoilteadh an Nead Naofa – Hollow Nest ina réigiún
I dtaobh na n-amhaistriúchán, roghnaigh muid beart carachtar a ndíreoidh muid orthu le linn agaí oibre déine as a chéile leis an tionscadal seo a chríochnú. Go ceann seachtaine eile nó dó, tá muid chun díriú ar Salúbra, an Bhean Mhór Breachta (Charm Lover Salubra), an tSeanfheithid (Elderbug) agus Dídí, an Sagart Dorcha (Confessor Jiji), a roghnaíodh go randamach a bheag nó a mhór. Feictear duínn gurb í seo an chaoi is fearr lenár gcuid iarrachtaí a dhíriú agus a ghabháil chun tosaigh go fiúntach chun críoch An Ridire Cuasaigh – Hollow Knight.
Is iomaí rí-rá agus ruaille buaille tarlaithe ach is oth liom a rá go bhfuil teorann mo chuid focla sáraithe agam anois. Beidh ort a fhanacht go dtí an chéad eagrán eile sula gcoisfidh tú uaim aríst.
Cuirigí aithne ar phríomhcharachtair an eagráin seo i nGaeilge!
–
Sliocht 1 - An Dushlán le “drift” a aistriú go Gaeilge
Scríofa ag Cormac
Is iomaí cineál “feithide” sa Ridire Cuasach – Hollow Knight agus bíonn cuma shaighdiúra, an ghnáth Diarmada agus fiú sceacha ar roinnt acu. Ach fós féin tá feithidí ann a bhfuil cuma ainmhithe orthu, feithidí nár mhian leo a eitilt nó fogha a thabhairt ar a namhaid ach a scíth a ligean eadarbhuas an fad is a dhoirteann siad nimh dháinséireach. I mBéarla, tugtar “drifting” ar an ngníomh fánach seo agus thóg sé seo an cheist i measc na mball foirne cén chaoi a ndéarfaí “drifting” i nGaeilge. Chuirfeadh cuartú sciobhtha in iúl go soiléir nach bhfuil aon bhriathar amháin sa nGaeilge ar an bhfocal “drift”. Mar sin, ar an gcaoi chéanna is a rinne muid i gcás Iris #1 – Fainic focal ar fhocal, d’fhiosraigh muid bunmhíniú an ghnímh “drift” agus fuair amach go raibh roinnt mhaith miondifríochtaí idir na leaganacha cóibhéasacha sa nGaeilge. Seo sampla amháin de chuid An Ridire Chuasaigh – Hollow Knight
“Does it realise what a nuisance it is? Drifting around, spilling its noxious juices everywhere it goes? If you see any, make sure to kill them.”
Fuair muid amach go mb’é ba chiall le “drift” sa gcás thuas go raibh “snámh san aer gan treoir” nó “gluaiseacht gan ceann scríbe cinnte” i gceist, ar nós dá mba dhuilleog á shéideadh ag an ngaoth í. Thug sé seo bonn i bhfad ní b’fhearr dúinn le haghaidh cuartú Teanglainne agus tháinig muid ar “titim faoin ngaoth” – focal ar fhocal “fallen under the wind” sa mBéarla mar rogha feiliúnach mar gheall ar:
Gurb annamh a thiteann duine (dá dteoir nó dá misneach, abair) agus sprioc chinnte acu, agus;
I measc na dteann sa nádúr, is cinnte go dtabharfadh an ghaoth chun siúil thú go fánach – gan treoir ná ceann scríbe
Sásta lena bhfuair muid, thug mud faoina n-aistriú:
“Tite faoin ngaoth, a leachtanna docharacha á ndoirteadh sa chuile áit a dtéann sé. Maraigh iad is bíodh beag trócaire agat orthu.”
Ach níor ach meandar amháin den úsáid “drifting” é seo – bhí muid ag iarradh a dhéanamh amach an mbeadh ciall uileghabhálach le “titim faoin ngaoth” nó an mbeadh níos mba mhó aistriúchán uainn. Chuir muid samplaí eile i gcomórtas a chéile, ar nós an chinn seo a leannas:
“They usually drift about peacefully, but sometimes they cluster together and spit out a sharp, crackling flash…”
Bhí ní ba mhó treorach i gceist sa nath seo – facthas dúinn nár fheil “titim faoin ngaoth” sa gcás seo. Ar an dea uair, thug Teanglann nath eile dúinn “lig le sruth” – focal ar fhocal “let with current” sa mBéarla. Is ionann é agus ciall “titim faoin ngaoth” ach tugtar níos mó treorach le fios. Frítheadh an t-aistriúchán seo a leannas dá bharr:
“De ghnáth, ligeann siad le sruth go síochánta, ach uaireanta teagann siad le chéile agus caitheann siad bladhm ghéar chnagarnach uathu…”
Lena chois sin, tá ciall mheafarach ag an mBéarla le “drifting” freisin agus ba dhúslán eile é sin, go háirid i gcás natha mar seo:
“I wonder, what will come flying out of me when I die? Will my hopes and fears drift away into the darkness?”
Féadfar smaoineamh ar “drifting hopes and fears” ar nós dá mbeadh dóchas agus faitíos a bhíodh ceangailte le hintinn bheo ag imeacht in éag (‘to wither away’ sa mBéarla) – rogha maith é, nach ea? Faigheann muid:
“Meas tú céard a eitleoidh amach asam nuair a bhásóidh mé? An imeoidh mo dhóchas agus m’fhaitíos in éag sa dorchadas?”
Is éasca dúinn a thuigeáil gurb ionann nath sa mBéarla agus raon mór de nathanna éagsúla, ach nach ionann i gcás na Gaeilge. Lena dhéanamh cinnte de go bhfuil an chiall leathan fhairsing againn, bíonn orainn dul i ngleic leis an obair ar mheon níos cruthaithí scaití.
–
Sliocht 2 - Bás de thairne - To fall in defeat to one's nail
Scríofa ag Cormac
Is nath coitianta é “fall” le “sárú” nó “bás” a chur in iúl sa mBéarla, go háirid le dul filíochta. Tá nathanna fileata go fairsing sa Ridire Cuasach – Hollow Knight, mar is léir sa méid thíos:
“Their bodies are brittle and will easily fall to your nail.”
Ar an gcaoi chéanna le roinnt mhaith aistriúchán, ní féidir an nath cóibhéasach sa nGaeilge a aistriú go díreach agus cuirfí i gcathú ort “titim” a úsáid ina áit. Dar liom féin nach miste “titim do do thairne”, ach is féidir feabhas a chur gan aon agó. Thug Teanglann nath maith dúinn – “bás de thairne agat” – focal ar fhocal “death by nail by you” sa mBéarla, agus fuair muid:
“Tá a gcoirp briosc agus básfaidh siad de thairne agat gan stró.”
Tús maith é agus ar a laghad leath na hoibre! Is amhlaidh atá an struchtúr abairte seo coitianta go leor (agus simplí) sa nGaeilge, agus seans gur chuala tú nathanna ar nós “rud a dhéanmh de láimh” – “to do a thing by hand”. Is struchtúr é seo a mbaineann raon fairsing ciallanna leis.
–
Sliocht 3 - Agus d'aird againn
Scríofa ag Gary
Nuair a bhí mé óg, is cuimhin liom ar éigean na céad focla Gaeilge dár fhoghlaim mé ariamh. Chroch mo mhúinteoir póstaer ar bhalla ár seomra ranga agus pictiúir éagsúla air le daoine ag ithe, ina chodhladh agus ag siúl. D’fhótheidil sí na pictiúir leis na nathanna Gaeilge sin faoi chuile phictiúr. Tá sé barrúil nuair a mheabhraítear na meandair fhánacha seo den tráth oideachais, agus fós féin tá sé níos barrúla nuair a chuireann na focla is bunúsaí dubh-iontas ort, focla a d’fhoghlaimíteá nuair nárbh ionat ach gasúr!
Ba é ceann de na céad focla a d’fhoghlaim “agus” – an cónasc an-chabhrach sin a ligeann do ghasúr a scéal inseacht in aon anáil amháin. Bhaininn an tuiscint i gcónaí nárbh in “agus” ach nath atá go díreach cóibéasach le “and” sa mBéarla. Ach nuair a thosaigh mé ag athfoghlaim na Gaeilge mar dhuine fásta, thug mé faoi deara gur tháinig an focal “agus” aníos go minic in abairtí nach raibh mé ag súil leis. Seo eiseamlár de thús abairte a fuair mé ó Oideas Gael anuraidh:
“Agus an samhradh thart, tá áthas orainn cúpla dea-scéal a roinnt libh sa nuachtlitir seo.”
Abháirín aisteach shílfeá. “And the summer is over” a rith liom agus aigne an Bhéarla orm. Agus ag tús abairte? Thóg sé rud beag ama orm sular thuig mé gurb iomaí ciall le “agus” – “as” sa mBéarla mar shampla:
Agus tú ag imeacht… – As you are leaving
Agus lá te atá ann… – As it is a hot day
Agus iad ag eitilt – As they are flying
Ar ndóigh, níor chóir machnamh a dhéanamh air seo focal ar fhocal i gcónaí, ach bíonn sé ina ábhar suime agam nuair a theagaim ar na gaolta idir feidhmeanna focla i dteangacha difriúla. Níl ionam ach Diarmad simplí, agus bhí m’intinn bhog chomh splanctha aige seo gur thug orm alt a scríobh faoin bhfionnachan anseo. Agus an píosa seo thart, fágaim slán agat!
–
Aistriúcháin don Léitheoir
Tá cúig abairt thíos le d’iarrachtaí féin aistriúchán a dhéanamh. Is as ár dtionscadal Hollow Knight go léir iad agus bhí go leor spraoi againn ag oibriú orthu. Seolfaimid ár n-aistriúcháin féin sa gcéad eagrán eile. Bain sás!
Found only in deep, dark places. Has never been observed to eat or drink anything.
Fragments of void taking the shape of sharp, thrashing tendrils.
Simple flying creature protected by a spikey shell.*
Flying predator that pursues its prey relentlessly.
The light, forgotten.
* Note that in this context, a “creature” is usually an insect, arachnid, or another form of creepy-crawly.
Aistriúcháin don Eagrán seo caite
Seo iad na haistriúcháin don Iris seo caite. Tá sé tabhachtach a thuigeáil nach mbíonn aon fhreagra ceart amháin in obair aistriúcháin. Seo na haistriúcháin a chum muidne. Má tá cur chuige níos fearr agat a shíleann tú a fheilfeadh ní b’fhearr, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. D’fhéadfá fiú oibriú linn!
Bheifeá i d’amadán dá mbuailfeadh planda bob ort. [You really would have to be a fool to be tricked by a plant.]
Is deacair iad a fheiceáil mar go ropann isteach ‘s amach ón dorchadas. Bí ar d’aireachas dá súile lonracha. [They can be hard to spot as they flitter in and out of the darkness. Watch for their glowing eyes.]
Nuair a thugann siad fogha fút, ná tagadh anbhá ort. Seas an fód, agus aisionsaigh agus iad ag teannadh leat. [When they lunge at you, don’t panic. Stand your ground, and strike back as they come close.]
Is cosúil go bhfuil a bhfuinneamh gan teorainn! An itheann siad riamh? An stadann siad ariamh le haghaidh néal codalta nó ceana? [It seems like their energy is limitless! Do they ever stop to sleep, or eat, or love?]
Go dtreoraí d’iarrachtaí chun áite fiúntaí thú. [May your efforts lead you somewhere worthy.]
Cabhraigí linn!
An bhfuil Gaeilge agat? Ar mhaith leat leas a bhaint as a thuilleadh de do chuid bogearraí i nGaeilge? Ar mhaith leat cabhrú linn
an Ghaeilge chur chun cinn don mhórphobal? Deonaigh chúnamh dúinn inniu ach dul i dteagmháil linn trí Discord nó Ríomhphost.
Níos mó fúinn
Breathnaigh ar dhul chun cinn ár gcuid tionsnamh eile.
Eagrachán de dhíograiseoirí is ea Gaeilge Chun Cinn atá ag tabhairt na Gaeilge leis an ló atá inniu ann.
Bunaíodh Gaeilge Chun Cinn sa mbliain 2021 agus foireann de chúigear ionainn. Déanann muid aistriúcháin do
bhogearraíbh ríomhairí, cuireann muid an Ghaeilge chun cinn ⁊ slánaíonn is caomhnaíonn muid ardchaighdeán na Gaeilge.