Cuir aithne ar An Ridire Cuasach!

Cuir aithne ar cheantair ⁊ carachtair fhíorúla an chluife!

Ar ais do leathanach an chluiche

Na Ceantair

An Cainneon Ceomhar

Tá uaimheanna ceocha an Chainneoin Cheomhair lán go béal le lochanna aigéadacha agus boilgeoga agus tá roinnt ceantar clúdaithe le sceacha. Bíonn na ballaí déanta as cloich, nó déanta as flóra beag glas scaití. Sháinnigh roinnt boilgeoga gás guairneánach ina dtaobh istigh, agus pléascfaidh siúd a bhreoinn go horáiste má leagtar cos ar bith orthu.

Na Carachtair

Monamon, an Múinteoir

Duine den triúr broinglóidirí na Neide Naofa. Ba phríomhollamh na cathrach í sular tháinig an t-Ionfhabhtú. Roimhe sin, bhailigh sí fios na Neide Naofa ina cartlann, atá suite i lár locha aigéadaigh.

Úmú

Neach cliste a chosnaíonn seomra inmheánach Chartlann an Mhúinteora.

Úóma

An cineál smugairle is lú. Neamhghníomhach is gan a dhath mairge air, ach tá lucht leictreach preabach dainséarach aige.

Lamprog Leictreach

De ghnáth, ligean siad le sruth go síochánta, ach uaireanta teagann siad le chéile agus caitheann siad bladhm ghéar chnagarnach uathu – chuirfeadh sé stangadh ar créatúraibh mhóra fiú.

Work with us!

Do you speak Irish? Do you want to use your apps in Irish? Would you like to help us promote the Irish language to the general public? Help us today by contacting us via Discord or Email.

More about us

View the progress of our other projects.

English (UK)