Aistear na n-Aistriúchán #1 — Faill Fhorlámhais agus Fainic Fhocla!

Iris 1 - An chéad fhoilsiúchán dár Iris

Fáilte

Fáilte romhat chuig an chéad eagrán den nuachtlitir Ghaeilge Chun Cinn, ár bhfoilseachán dhásheachtainiúil nua ar an nGaeilge agus aistriúchán Béarla/Gaeilge!

Anuraidh, d’obair an fhoireann Ghaeilge Chun Cinn ar scáth a chéile le haistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil de na físchluichí coitianta agus na meáin eile:
Hollow Knight – An Ridire Cuasach
Among Us – Inár Measc
PUBG

Mar gheall ar gur foireann dheonach bheag muid, uaireanta bíonn an obair mhall, ach is minic a bhíonn comhráití fada, mionsonraithe againn ar an gcaoi is fearr coincheap nó barúil a chur i in iúil sa nGaeilge. Dá réir sin, tháinig muid ar an smaoineamh, mar aon lenár n-iarrachtaí aistriúchán, go bhféadfaí tairbhe a bhaint as na cnámha spairne dár gcuid obair ba shuimúla agus ba dhúshlánaí. Bhí súil againn go mbainfeadh díograiseoirí agus tosaitheoirí na Gaeilge suim as ar phléigh muid air. Chuile sheans go spreagfadh an foilsiúchán seo aistritheoirí amaitéaracha eile a gcuid moltaí féin a sheoladh againn – dá bharr sin, tháinig an nuachtlitir seo i réim.

Tá sé luath fós againn ár gcuid comhráite a fhoilsiú, agus teastóidh rud beagáinín níos mó ama uainn go dtaga muid chun reatha. Ach is mó suim atá againn eolas a fháil ó léitheoirí, agus a oibriú chun feabhais ar an iris seo. Mar a thugann ár n-ainm le fios, b’éard ba bhreá linn an Ghaeilge a chur chun cinn sa ló atá inniu ann.

Réamhléiriú

Uasdátú ar ár dTionscadail

Sliocht 1 - Is Fearr Faill a feitheamh ná Forlámhas ar dhuine

Sliocht 2 - Fainic an focal ar fhocal

Aistriúcháin Don Léitheoir

Tá cúig abairt thíos le d’iarrachtaí féin aistriúchán a dhéanamh. Is as ár dtionscadal Hollow Knight go léir iad agus bhí go leor spraoi againn ag oibriú orthu. Seolfaimid ár n-aistriúcháin féin sa gcéad eagrán eile. Bain sás!

  1. You really would have to be a fool to be tricked by a plant.
  2. They can be hard to spot as they flitter in and out of the darkness. Watch for their glowing eyes.
  3. When they lunge at you, don’t panic. Stand your ground, and strike back as they come close.
  4. It seems like their energy is limitless! Do they ever stop to sleep, or eat, or love?
  5. May your efforts lead you somewhere worthy.

Cabhraigí linn!

An bhfuil Gaeilge agat? Ar mhaith leat leas a bhaint as a thuilleadh de do chuid bogearraí i nGaeilge? Ar mhaith leat cabhrú linn an Ghaeilge chur chun cinn don mhórphobal? Deonaigh chúnamh dúinn inniu ach dul i dteagmháil linn trí Discord nó Ríomhphost.

Níos mó fúinn

Breathnaigh ar dhul chun cinn ár gcuid tionsnamh eile.

Gaeilge