Eagrachán de dhíograiseoirí is ea Gaeilge Chun Cinn atá ag tabhairt na Gaeilge leis an ló atá inniu ann. Bunaíodh Gaeilge Chun Cinn sa mbliain 2021 agus foireann de sheisear ionainn. Déanann muid aistriúcháin do bhogearraíbh ríomhairí, cuireann muid an Ghaeilge chun cinn ⁊ slánaíonn is caomhnaíonn muid ardchaighdeán na Gaeilge.
Na Baill Foirne
Cormac Cinnsealach: Éireannach 🇮🇪 – Ríomhchlárathóir is fóchéimí na Matamatice. Aimsigh é ar Twitter – @cormacpjk00 agus téigh i dteagmháil leis ag – cormac@gaeilgechuncinn.com
Brian C. Mac Giolla Mhuire: Ceanadach 🇨🇦 – Iarrthóir PhD in imdhíoneolaíocht in Ollscoil Osló. Téigh i dteagmháil leis ag – brian@gaeilgechuncinn.com
Gary Munnelly: Éireannach 🇮🇪 – Is innealtór ríomhaire agus taighdeoir mé i gColáiste na Tríonóide. Tá sé ag foghlaim na Gaeilge. Aimsigh é ar Twitter – @Caladbolg5 agus téigh i dteagmháil leis ag – munnellg@tcd.ie
Manus Ó hEochaidh: Éireannach 🇮🇪 – Fóchéimí comhchéim onóracha na Gaeilge agus Staire. Aimsigh é ar ríomhphost – manus@gaeilgechuncinn.ie
Mike Drinkwater: Nua-Shéalannach 🇳🇿 – Ealaíontóir
Sharon Howe: Éireannach 🇮🇪 – Aistritheoir agus Scrúdaitheoir – Is Conallach í. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sí céim amach sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis.