Saothar

Spriocanna: Tá de sprioc againn flúirseacht áiseanna a chur ar fáil i nGaeilge ⁊ trí aistriúcháin a chur i gcrích a bhaineann muid í seo amach. Tá muid ag iarraidh gurbh fhéidir linn caitheamh leis an nGaeilge ar nós dá mba céad teanga na n-Éireannach í – gan smaoineamh ar ghann áiseanna i nGaeilge ‘s an Ghaeilge mar an gcéad rogha sa chuile pháirt inár saol. Mar sin, baineann ár gcuid saothar mór le haiseannaibh a bhaineann leis an ngnáthshaol.

Céard a aistríonn muid go Gaeilge?

Cluichí: Tá cluichí ríomhaire ar cheann de na rudaíbh a chuireann ár saol i mboige orainn sa ló atá inniu ann. Is féidir go deimhin sás a bhaint astu siúd go hiomlán i nGaeilge.

Leabhair: Is mór an leas is féidir a bhaint as leabharaibh go háirithe i gcás an oideachais. Tá gann leabhar nua-aimseartha ann ar fáil i nGaeilge ⁊ tá de sprioc againn an ganntanas sin a mhaolú. Cuireann muid béim ar leabharaibh Ghaeilge don dream óg a bhaineadh is mó leas as na leabharaibh ar scoil.

Athghuthú ⁊ Foitheideal: Cuid shuntasach dár saol í a bheith ag breathnú ar ár gcláranna teilifíse is fearr linn ⁊ ná tugadh muid aon neamhaird air. Tá de sprioc againn go mbeadh ar a laghad fotheidil ar fáil do chlárannaibh gan Gaeilge orthu, ar nós dá mbeadh muid ag breathnú ar ár gcláranna i mBéarla ⁊ fotheidil i nGaeilge ag tabhairt cúnamh tuisceanna dúinn mar a bheadh ár gcéad teanga inti.

Gluaiseacht Ionchuimsitheach ar bun: Is ar mhaithe le daoine a bhfuil togha na Gaeilge acu atá muid agus is ionann i gcás foghlaimeoirí na Gaeilge. Ba mhaith linn áis a thabhairt do chách ⁊ cur le hathbheochan na Gaeilge.

Saothar seo againn

The Witcher

Cluiche aonimreora saorimeartha i ndomhan draochtúil. Réamhleagan neamhoifigiúil ar fáil agus á fhorbairt fós

Scott Pilgrim

Greanán faoi saol an ghnáthdhéagóra. Leagan neamhoifigiúil ar fáil agus á fhorbairt fós

Shrek

Scanán nárbh fhéidir neamhaird a thabhairt air! Leagan neamhoifigiúil a bhfotheideal le teacht i nGaeilge

PUBG

Cluiche ilimreora troda a imrítear i bhur bhfoireann bheag in aghaidh a chéile - Leagan oifigiúil ar fáil i nGaeilge

Among Us – Inár Measc

Cluiche ilimreora fealltóireachta a theastaíonn bhur gcomhoibriú - Leagan oifigiúil ar fáil i nGaeilge

Hollow Knight – An Ridire Cuasach

Cluiche scéil a thugann ar aistear rúndiamhair draíochtúil thú - Réamhleagan neamhoifigiúil ar fáil agus á fhorbairt fós

Gaeilge