Among Us – Inár Measc

Cluiche ilimreora fealltóireachta a theastaíonn bhur gcomhoibriú - Leagan oifigiúil ar fáil i nGaeilge

Céard faoi a bhfuil Inár Measc?

Is cluiche ilimreora é Among Us – Inár Measc agus is féidir le ceathrar is suas le cúigear déag é a imirt in aon chluche amháin. Roghnaítear suas le triúr go randamach a bheith ina bhfealltóirí in aghaidh gach babhta. Is féidir babhta a imirt in aon cheann de na ceithre dhomhan: Spáslong d’arb ainm “The Skeld“, Ceanncheathrú d’arb ainm “MIRA HQ“, Planéad ar a dtugtar “Polus” nó “The Airship” – bunaithe ar sraith Henry Stickmin de chuid Innersloth.

Ag tús an chluife, tugtar “tascanna” do na leathbhádóiríbh i bhfoirm mionchluichí – obair chothabhála ar “chórasaibh thabhachta” ar nós sreanga tabhachta a dheisiú agus sonraí a íoslódáil. Tugtar liosta bréagach tascanna do na fealltóiríbh le luí isteach leis na leathbhádóiríbh. Ní féidir leo tascanna tairbhiúla a chur i gcrích áfach. Is féidir leo sabaitéireacht a dhéanamh ar chórasaibh thabhachta (ar nós dochar a dhéanamh ar sholáthar ocsaigine na spásloinge), dul a i bhfolach sna gaothairíbh agus oibriú in éindí le Fealltóiríbh eile Leathbhádóirí eile a mharú.

Stádas ár gcuid oibre

Is cuid oifigiúil í an leagan Gaeilge d’Inár Measc. Seolfar an t-aistriúchán Gaeilge le chuile leagan nua d’Inár Measc amach anseo.

Ón 16ú de Mhí Mheáin Fomhair i leith, ní faoi chúram Ghaeilge Chun Cinn a bheas leaganacha nua Gaeilge d’Among Us. Is faoi chúram seachtrach anaithnid atá an tionscadal seo agus ní bheidh Gaeilge Chun Cinn freagrach as an tionscadal a thuilleadh.

Na Deontóirí

Cormac Cinnsealach, Brían Mac Giolla Mhuire, Mike Drinkwater de chuid Gaeilge Chun Cinn i gcomhar le Úna-Minh Caomhánach.

Cabhraigí linn!

An bhfuil Gaeilge agat? Ar mhaith leat leas a bhaint as a thuilleadh de do chuid bogearraí i nGaeilge? Ar mhaith leat cabhrú linn an Ghaeilge chur chun cinn don mhórphobal? Deonaigh chúnamh dúinn inniu ach dul i dteagmháil linn trí Discord nó Ríomhphost.

Níos mó fúinn

Breathnaigh ar dhul chun cinn ár gcuid tionsnamh eile.

Gaeilge