Íoslódáil an réamhleagan Gaeilge den chluife!
Is féidir an leasú a íoslódáil anseo. Má bhíonn aon fhadhb agat agus tú suiteáil an réamhleagain Gaeilge, seol ríomhphost againn ag teagmhail@gaeilgechuncinn.com agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall cúnamh a thabhairt duit.
Domhan na Neide Naofa
Gluais
Forrán a chur ar dhuine: Dúshlán a chur ar dhuine agus dul i mbun troda leo
Scáil idir brionglóidíbh agus an gnáthshaol: An teorainn idir brionglóidí agus an gnáthshaol
Saoiste: An carachtar is dúshlánaí in aon leibhéal amháin – Ollnamhaid an leibhéil
Céard faoi a bhfuil Hollow Knight – An Ridire Cuasach
Is aicsean-cluiche meánaoiseach dhá thoise eachtraíochta é An Ridire Cuasach, bunaithe sa Neid Naofa – Hallownest, ríocht ficsean seanda. Le linn cluichíochta, bíonn smacht agat ar Ridire feithideach ciúin gan ainm air agus cuireann tú aithne ar an domhan seo faoi talúin. Tá tairne faoi réir ag an Ridire, cineál claímh é a úsáidtear le haghaidh troda agus gníomhaithe eile i do thimpeallacht.
I bhformhór na gceantar sa gcluiche, castar ort feithidí trodach agus créatúir eile. Buailtear le húsáid do thairne do chuid naimhde i ngar duit. Is féidir leat geasa a fhoghlaim agus do chuid naimhde a bhualadh i bhfad dá bharr.
Is iomaí ceantar sa domhan a dtagfá ar naimhdibh is saoiste ní ba dhúshlánaí agus is féidir forrán a chur orthu le forás sa gcluiche a bhaint amach. Gnóthaíonn an t-imreoir cumais nua nuair a sháraíonn sé saoiste scaití. Tamall le linn duit forás a bhaint amach, faigheann tú An Tairne Brionglóide, faobhar a bhfuil clú is cáil amuigh air agus is féidir leis bealach a ghearradh tríd an “scáil idir brionglóidíbh agus an gnáthshaol”. Faigheann tú an lámh in uachtar ar shaoiste níos dúshlánaí dá bharr agus ligean sé duit an forrán deiridh a chur ar shaoiste deiridh an chluiche.
Maidir leis an Obair
Forás na n-aistriúchán
Ón 16ú de Mhí Mheáin Fomhair, tá timpeall ar 65% den chuiche aistrithe againn.
Ón 24ú de Mhí Iúil i leith, tá timpeall ar 50% den chluiche aistrithe againn. Tá comhéadan an chluiche beagnach aistrithe is formhór na oibre á dhéanamh ar an dialainn faoi láthair. Níl fágtha ach comhráití na gcarachtar a aistriú.
Na Deontóirí
Cormac Cinnsealach, Brian Mac Giolla Mhuire, Mike Drinkwater, Mánus Ó hEochaidh, Pól.