Céard faoi a bhfuil PUBG
Is cluiche imreoir in aghaidh imreora é PUBG ina dtroideann suas go dtí céad duine i gcath raidheal – cluiche mór ina dtroideann imreoirí comhrac go himirt anama agus a bheith ar an imreoir deiridh ag seasamh an fhóid. Is féidir le himreoiríbh dul isteach sa gcluiche ina n-aonar, ina bpéire nó in éindí le foirinn bhig de cheathrar (ar an uasmhéad). Is iad an duine nó foireann deiridh beo buaiteoir an chluiche.
Tosaíonn chuile imreoir an cluiche ag teacht anuas le paraisiút as eitleán chun talún. Reáchtáiltear an cluiche in aon cheann de ceithre dhomhan agus achar 8 x 8 km, 6 x 6 km, 4 x 4 km iontu. Eitlíonn an t-eitleán ar chonair éagsúil sa chaon bhabhta agus ní mór d’imreoiríbh an meandar is fearr a roghnú le tuirlingt den eitleán chun talún.
Chuile cupla nóimead, crapann an t-achar inimeartha (an t-achar slán) go dteanna sé timpeall ar shuíomh randamach. Éiríonn dámáiste beag seasta d’imreoiríbh atá taobh amuigh den achar sláin agus básaíonn siad mura mbaineann siad an t-achar slán in am. I rith an chluiche, aibhsítear suíomhanna randamacha ar an mapa le dearg agus pléasctar buama ann – cuirtear bagairt ar imreoiríbh atá fágtha sa suíomh sin dá dheasca.
Stádas ár gcuid oibre
Is cuid oifigiúil í an leagan Gaeilge de PUBG. Seolfar an t-aistriúchán Gaeilge le chuile leagan nua de PUBG amach anseo.
Na Deontóirí
Brían Mac Giolla Mhuire, Cormac Cinnsealach