Cuireann Gaeilge Chun Cinn fáilte romhaibh go dtí suíomh gréasáin nua seo againn! Anseo a nochtófas muid ár gcuid saothar is déanaí agus coinneofar sibh suas chun dáta le scéalta is nuacht faoina bhfuil ar bun againn!
Cé na baill fhoirne de chuid Gaeilge Chun Cinn?
Is foireann de cheathrair muid Gaeilge Chun Cinn – Cormac Cinnsealach, Úna-Minh Ní Chaománach, Mike Drinkwater agus Brían Mac Giolla Mhuire
Cúlrascéal Ghaeilge Chun Cinn
Bunaíodh Gaeilge Chun Cinn sa mbliain 2020 nuair a chruthaigh muid leagan Gaeilge de PUBG go hoifigiúil (arna chur i gcrích ag Brían Mac Giolla Mhuire). Ó shin i leith, chuaigh Gaeilge Chun Cinn ar thóir a thuilleadh cluifí aistriú go Gaeilge. Ag tús na bliana 2021, sheol Úna-Minh Tweet a tharraing aird Innersloth – cruthathóirí an chluife ‘Among Us – Inár Measc’ agus a bhuí lena gcomhoibriú d’éirigh linn leagan Gaeilge oifigiúil dá gcluife a sheoladh. Tá go leor tionscadal ar bun againn agus is cinnte go ndéanfar a thuilleadh comhoibriú le comhlachtaí teicneolaíochta as seo amach.
Céard atá ar bun againn faoi láthair?
Ón 23ú de Mhí Iúil, tá sé sprioc againn an chéad leagan Gaeilge de Hollow Knight – An Ridire Cuasach a sheoladh is an chéad dá DLC is an comhéadan curtha i gcrích. Bígí linn dá nochtadh go luath!
Beir bua agus beannacht!
Cormac